Matamaitic
Maths at your local post office
Baineann an ghníomhaíocht mhatamaitice seo le rudaí a tharlaíonn i d’oifig an phoist áitiúil. Tá roinnt ceisteanna le freagairt ag na daltaí. Baineann siad seo le tomhais airgid agus mheáchain.
Comhtháthú leis an gcuraclam
Comhtháthaíonn an ghníomhaíocht le codanna de Churaclam Matamaitice na Sraithe Sóisearaí tríd taithí a thabhairt do na daltaí fadhbanna a bhaineann leis an saol réalaíoch a réiteach tríd uimhearthacht a chur i bhfeidhm. Cabhróidh sí leo smaoineamh ar mhodhanna, ar fhoirmlí nó ar theicnící oiriúnacha matamaiticiúla agus iad a roghnú agus a úsáid chun eolas a phróiseáil agus chun tátail ábhartha a bhaint.
About An Post Rás
Féachann an ghníomhaíocht mhatamaitice seo ar An Post Rás. Déanann an sliocht cur síos ar An Post Rás. Tá roinnt fadhbanna matamaitice atá bunaithe ar an eolas atá sa sliocht le réiteach. Baineann siad le staitisticí agus le láimhseáil sonraí.
Comhtháthú leis an gcuraclam
Comhtháthaíonn an ghníomhaíocht le codanna de Churaclam Matamaitice na Sraithe Sóisearaí tríd taithí a thabhairt do na daltaí sonraí a bhailiú, eagar a chur orthu agus iad a léiriú i gcomhthéacs réalaíoch. Féachann siad ar úsáid a bhaint as staitisticí achoimre éagsúla freisin chun cur síos a dhéanamh ar shonraí: claonadh lárnach - meán, airmheán, mód, athraitheacht - raon.
An Post Rás na mBan
Díríonn an ghníomhaíocht mhatamaitice seo ar eolas faoi Rás na mBan 2013 urraithe ag An Post. Is é an rud atá i gceist ná tábla staitisticí ó chéimeanna éagsúla an ráis agus sraith de cheisteanna gur gá do na daltaí a fhreagairt. Baineann siad seo le luas, fad agus am.
Comhtháthú leis an gcuraclam
Comhtháthaíonn an ghníomhaíocht le codanna de Churaclam Matamaitice na Sraithe Sóisearaí tríd taithí a thabhairt do na daltaí samplaí laethúla de luas, d’fhad agus d’am a úsáid chun cabhrú leo a gcuid eolais agus a gcuid scileanna matamaiticiúla a chur i bhfeidhm chun fadhbanna a fhuascailt i ngnáthcomhthéacsanna agus i gcomhthéacsanna nach bhfuil siad taithíoch orthu.
John the An Post Postperson
This Maths based activity follows the daily activity of John the An Post Postperson. There is an extract describing his day with reference to a variety of measurements followed by a series of mathematical problems related to the information in the piece.
Curriculum Links
The activity links to elements of the Junior Cycle Mathematics Curriculum, for example, by allowing students to use distance, time, weight, volume and money in an everyday context and to communicate mathematics in written form.